Curated by Paula Carroll
Thursdays 24 Sept, 8 Oct, 12 Nov, 26 Nov
Is sraith cheolchoirmeacha dhátheangach í Teanga an Cheoil a chuireann i láthair ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta, a oibríonn trí mheán na Gaeilge. In some cases the musicians are rooted in the Gaeltachtaí (Gaoth Dobhair, Muscraí, Conamara). They learned their music there and Irish is their first language. For others the music and the language are bound together in different ways. Ar ndóigh is teanga inti féin í an ceol. Déanfaidh an tsraith seo inúchadh ar an nasc idir an ceol agus an teanga. Bígí linn!
Rugadh agus tógadh Diarmuid agus Éamonn Ó Meachair i nDoire’n Chuilinn, Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí.
Is múinteoir bunscoile agus ceoltóir lán aimseartha é Diarmuid atá ag seinm ar fud an domhain le ceithre bliana anuas agus chéimnigh Éamonn ó UCD i mbliana le céim sa Radagrafaíocht.
Tá ceardlainn tugtha acu agus coirmeacha ceoil seinnte acu ag féilte agus scoileanna ar nós Scoil Samhraidh Willie Clancy, Na Píobairí Uilleann, Éigse Dhiarmuidín, Scoil Cheoil an Earraigh, Tionól Nicolás Tóibín, ITMA agus Scoil Cheoil an Gheimhridh. Tá ceol seinnte acu go minic ar chláracha Raidió na Gaeltachta agus TG4.
Bronnadh Ceoltóir Óg na Bliana TG4 ar Dhiarmuid i 2022 agus bronnadh Ceoltóir Óg Féile Phádraig Uí Chaoimh ar Éamonn i 2023.
Other Events in the Series
Mick & Aoife O’Brien Thursday 24 Sep HERE
Eoghan Ó Ceannabháin & Niamh Keady-Tabbal Thursday 8 Oct HERE
Cathal Ó Curráin & Megan Nic Fhionnghaile Thursday 12 Nov HERE



